Filleadh na Camchuairte Gearmánaí
Baile Átha Cliath, cathair lán le cultúr bríomhar, stair shaibhir agus atmaisféar leictreach. Cibé acu an chéad chuairteoir thú nó an raibh tú anseo cheana – cuireann filleadh an Chamchuairt Ghearmánach Bheo peirspictíocht nua ar fáil ar ár gcathair ghrámhar.
Caith na cluasáin sin uait agus éist leis an tráchtaireacht BHEO ar bord ár mbusanna Gearmánacha . Faigh amach Baile Átha Cliath sa teanga dhúchais atá agat agus braith an fhíordheimhneacht a thugann ár dtreoraithe turas don chathair.

Cuirimid an rud céanna ar fáil:
- 25 Stad
- Eolas Áitiúil
- Scéalta siamsúla
- Tráchtaireacht BEO cháiliúil

Táimid ag reáchtáil an turais Hop-on Hop-off seanbhunaithe ó 1988 i leith, ag tabhairt dár n-aíonna go díreach a bhfuil á lorg acu agus iad ag tabhairt cuairte ar Bhaile Átha Cliath. Rinneamar taighde ar na nithe is díol spéise agus na sainchomharthaí is fearr sa chathair agus chruthaíomar bealach a chuireann croílár agus stair Bhaile Átha Cliath i gcuimhne go foirfe.
Is breá linn éisteacht lenár gcustaiméirí agus seirbhís a chur ar fáil dóibh ar féidir leo a bheith ag súil léi – agus sin go díreach mar a tháinig an Turas Gearmánach ar an bhfód!


